Séaghan Ó Súilleabháin
Is mise Séaghan Ó Súilleabháin nó an Kerry Cowboy. Is feirmeoir agus múinteoir Gaeilge mé atá ag maireachtáil sa Ríocht. Déanaim ábhar ar TikTok agus Instagram a bhaineann le mo shaol laethúil, na hainmhithe agus an cultúr Gaelach. Is breá le mo chroí a bheith amuigh sa dúlra ag spaisteoireacht sna sléibhte, ag snámh sa bhfarraige nó ag marcaíocht ar chapall.
Tá an-suim agam i gcúrsaí caide agus rámhaíochta leis, tá an t-ádh orainn i gCiarraí leis an méid gur féidir a dhéanamh amuigh faoin aer anseo. Tá an ghráin shaolta agam ar fhógraí ar fhíseáin Youtube.