Leah Ní Mhurchú
Haigh, is mise Leah Ní Mhurchú!
Táim 21 bliain d’aois agus is as Contae Mhuineacháin dom. Is mac léinn ríomhaireachta mé in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus oibrím san earnáil Teicneolaíocht Airgeadais. Is aoibhinn liom a bheith ag cruthú ábhair do Bloc. Mar gheall go bhfuil post 9-5 agam nach bhfuil baint ag an Ghaeilge leis, táim in ann an tsuim atá agam sna meáin shóisialta agus an grá atá agam don Ghaeilge a úsáid chun na físeáin seo a dhéanamh! Táim go huile is go hiomlán i ngrá le Taylor Swift agus Daniel O’Donnell, samhlaigh dá ndéanfaidís amhrán le chéile! Bheinn lag ar an talamh.
Déarfainn gurb é an rud is suimiúla fúm ná go bhfuil Gearrthóg de Taylor agus Daniel agam! Ní raibh mé ag magadh nuair a dúirt mé go raibh mé gafa leo. Is post lánaimseartha é a bheith i do ‘Stan’