Eimear Nic Giolla Phádraig
Eimear Nic Giolla Phádraig is ainm dom. Is múinteoir meánscoile mé i mBÁC. Tá grá mór agam don Ghaeilge ar ndóigh agus is é an aidhm atá agam í a chur chun tosaigh mar theanga bheo agus daoine a spreagadh chun í a úsáid ina ngnáthshaol. Is aoibhinn liom a bheith aclaí agus mothaím ar mo shuaimhneas nuair atáim ag traenáil san ionad aclaíochta gach maidin. Caithfidh mé a admháil go bhfuil faitíos orm roimh mhadraí cé go gceapaim go bhfuil siad an-ghleoite sna pictiúir. Cé go bhfuil mé ag múineadh anois, ba bhreá liom obair a dhéanamh i m’aisteoir, aistritheoir nó eagarthóir amach anseo. Is é an seanfhocal is fearr liom ná 'Mol an óige agus tiocfaidh sí' mar creidim go bhfuil sé tábhachtach daoine a spreagadh agus iad a mholadh i gcónaí mar sílim féin go bhfuil gach duine ag déanamh a ndíchill agus measaim go bhfuil dualgas orainn a bheith cineálta lena chéile chomh minic agus is féidir.
Lean Eimear